Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Fheargail Quinn

Dáta: Déa 25th Aib, 2019 | 16:02

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an tIar-Sheanadóir agus fear gnó, Feargal Quinn.

Bhí bua na fiontraíochta i bhFeargal, agus d’athraigh a fhís maidir le seirbhís do chustaiméirí agus leis an nuálaíocht timpeallacht na trádála miondíola in Éirinn ó bhun thar na scórtha bliain. Bhí sé go mór ar son gnóthaí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta agus bhain daoine as cuimse tairbhe óna dhea-chomhairle a bhí bunaithe ar ghairm bheatha an-rathúil i gcroílár ghnó na hÉireann.  

Aireoidh a chlann agus a ghrúpa leathan cairde go mór uathu é, chomh maith leo siúd a bhí sa Seanad leis. Cuimhneofar air sa Seanad mar cheann feadhna ar son an athraithe, mar thacadóir paiseanta maidir le cúrsaí gnó agus cúrsaí ábhartha, agus mar dhíospóir deisbhéalach. Bhí cáil air as a ionchur agus a fhreagraí cúirtéiseacha ar a thacadóirí agus a chéilí comhraic araon.  

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile  Denise, dá chlann, dá gharchlann agus dá chairde go léir.”