Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Ernesto Cardenal

Dáta: Lua 2nd Már, 2020 | 15:57

Agus bás faighte ag Ernesto Cardenal, iar-Aire Cultúir Nicearagua, Diagaire na Saoirse, Misteach agus file aitheanta, tá ceann de na glórtha is inspioráidí caillte ag saol an chultúir.

Ba mhisniúil a shaol agus ba thiomanta é do “shibhialtacht na simplíochta”, mar ar thug a chara Xavier Gorostiaga air.

Choimeád sé an tiomantas don mhachnamh criticiúil i dtaca le leas gach duine le linn an tsaoil chrua le gairid i Nicearagua, nuair a cháin sé cur faoi chois easaontas na mac léinn agus daoine eile a bhí dírithe ar an rialtas.

In éineacht lena dheartháir Fernando, an tAire Oideachais, sheas sé don tréimhse ba mhó dóchais ag muintir Nicearagua a bhí tar éis teacht as dhá scór bliain den deachtóireacht. 

Dhiúltaigh sé aon deighilt idir an cultúr agus an eolaíocht. Tá sé sin léirithe ina shaothar ar feadh a shaoil agus sna dánta amhail ‘Stardust’ a mhairfidh go deo.  

Is ón mbailiúchán iomlán deiridh dá chuid an dán álainn seo agus clabhsúr mar seo air.   

“Agus cruth blátha ag teacht ar an réaltra
An chuma atá anois air san oíche spéarghealaí
Is ó réaltaí eile a tháinig ár bhfeoil agus ár gcnámha”

B’fhéidir fiú ó réaltraí eile
Atáimid uilíoch
Agus tar éis an bháis cuideoimid le réaltaí 
Agus réaltraí eile a chruthú
Is ó na réaltaí a thángamar, agus chucu a fhillfimid.”