Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on the death of Emma Mhic Mhathúna

Dáta: Dom 7th Dei, 2018 | 14:03

Ba chúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Emma Mhic Mhathúna. 

Nuair a bhuail mé léi agus lena páistí mí Bealtaine seo caite, chuaigh a hiompar agus a misneach go mór i gcion orm, cé gur thréimhse an-deacair a bhí ann di féin agus dá clann.

Ar son mhuintir na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón ó chroí in iúl dá muintir, dá cairde, do phobal Chiarraí Thiar, agus dóibh siúd go léir a roinn a haistear le Emma Mhic Mhathúna agus í ag troid in aghaidh an ghalair.