Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Eugene McCabe

Dáta: Déa 27th Lún, 2020 | 15:30

Is cúis mhór bhróin agus bhuartha dom a chloisteáil gur bhásaigh Eugene McCabe, drámadóir, údar, feirmeoir agus ball d’Aosdána.

Cuimhneofar ar Eugene McCabe mar gheall ar a bhfuil déanta aige d’amharclannaíocht na hÉireann, mar gheall ar a chuid drámaí teilifíse a bhfuil duaiseanna buaite acu agus ar a shaothar scríbhneoireachta a chuaigh i ngleic go misniúil le ceisteanna a bhain le sochaí na hÉireann.

D’úsáid sé a scil mar scéalaí cumasach i réimse leathan stíleanna agus seánraí, lena n-áirítear úrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus scéalta do pháistí. Chuir sé téamaí casta faoi chaibidil, ina measc oidhreacht an choilíneachais agus an fuadh sa seicteachas.

Is beag duine a bhí ábalta castacht na ndearcthaí éagsúla a chur in iúl, mar a bhí Eugene McCabe, agus go háirithe dearcadh na ndaoine ar tháinig dúshlán na biogóideachta agus an bhunúsaíochais rompu.

Bhí sé de phribhléid agam féin agus ag Saidhbhín aithne a bheith againn air. Tá cuimhní deasa ag Saidhbhín ar an mbaint a bhí aici lena dhráma “Some Women on the Island”. Bhí comhfhreagras agam leis i dtaca le mo dhán “The Death of Mary Doyle” a ndearna sé léirmheas fiúntach air. Bhí áthas orainn go raibh sé ábalta a bheith i láthair nuair a cuireadh a dhráma “Pull Down a Horseman” ar siúl in Áras an Uachtaráin i mí Feabhra 2016.

Tá domhan na hamharclannaíochta in Éirinn tar éis duine a chailleadh a chuir go mór ar a bhealach féin le léann na hÉireann.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann, dá chairde agus dóibh siúd go léir a raibh grá agus léirthuiscint acu ar a shaothar.”