Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Dr Ivor Browne

Dáta: Céa 24th Ean, 2024 | 19:30

"Ghoill sé go mór orm cloisteáil gur cailleadh mo sheanchara, an t-ileolaí ilchumasach iomráiteach, an Dr Ivor Browne. 

Cuimhneofar ar Ivor mar shíciatraí ceannródaíoch, radacach a d’fhág rian ollmhór ina dhiaidh ar an tuiscint agus ar an meon i dtaca le cúrsaí meabhairshláinte in Éirinn. 

Go cinnte, tá sé i measc na gceannródaithe eiseamláireacha ar éirigh leo tábhacht cur chuige iomlánaíoch ar an saol, i ngach gné, a bhéimniú – a bhfuil an cultúr agus an caidreamh daonna ina lár. Tá an léargas seo tar éis ár dtuiscint agus ár gcur chuige i leith na meabhairshláinte in Éirinn a athrú ó bhun.  

Óna chuid oibre ag dul i ngleic le córas dídhaonnaithe, mar a bhí ann ag an am, d’éirigh le hIvor Browne saoirse a thabhairt do lear mór daoine a bhí faoi chúram institiúideach. Chomh maith leis sin thug sé isteach cóir leighis úrnua go hÉirinn den chéad uair. 

Chuaigh a chuid oibre i ngleic le smaointeoireacht choitianta na linne i leith an mheabhairghalair in Éirinn, agus chuidigh leis sin a athrú agus a athmhúnlú. 

Bhí an-cháil ar an meas a bhí aige ar dhínit a chliant, agus is tréith í seo a labhraíonn a iar-chliaint uirthi go minic. 

I measc ionchur luachmhar Ivor ar chleachtais na síciatrachta agus na síciteiripe in Éirinn, bhí a choincheap maidir le tráma “the frozen present” nó mothúcháin neamhphróiseáilte. Teoiric radacach ab ea é seo a raibh ról lárnach aici in athbhreithniú a dhéanamh ar an obair síciatrachta agus shíciteiripeach a bhí ar bun aige. 

I dtosach, chaith Ivor seal mar Stiúrthóir Leighis in Ospidéal MeabhairGhalair Ghráinseach Ghormáin (Naomh Breandán) ó 1966, agus bhí sé ansin ina phríomh-síciatraí leis an mBord Sláinte an Oirthir, mar a tugadh air ag an am, ó lár na 1960í go lár na 1990í.

Ina ról mar Ollamh Síciatrachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhí Ivor Browne ar thús cadhnaíochta i dteagasc chóireáil fhorásach an mheabhairghalair in Éirinn. 

Shínigh a chuid oibre nuálach i bhfad thar theorainneacha na n-institiúidí seo, áfach. Ina measc, bhunaigh sé An Fhondúireacht um Fhorbairt Dhaonna na hÉireann, chomh maith leis na cumainn éagsúla a bunaíodh i nDoire agus i mBaile Formaid – a raibh sé de phribhléid agam a bheith bainteach leo. 

Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar bheatha daoine agus bhí tionchar claochlaitheach aige ar an gcur chuige i leith mheabhairshláinte na hÉireann, agus is í seo an oidhreacht sheasmhach a d’fhág sé ina dhiaidh. 

Bhí sé de phribhléid ag Saidhbhín agus agam féin Ivor a bheith mar dhlúthchara dár gcuid. Bhí an deis againn freisin a bheith ina theannta i gcuid dá fheachtais thar na blianta, chomh maith le bheith inár n-éisteoirí dá cheol, a bhí mar chuid lárnach dá shaol. Is mian linn ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena pháistí Ronan, Garvan, Faragh agus Tierna, agus lena leaspháistí Diane Reid, Mike agus Adam Levine. Déanaimid comhbhrón lena theaghlach ar fad, lena chairde agus lena chomhghleacaithe ar fad, chomh maith leo siúd ar fad ar chaith sé a shaol ag obair go dúthrachtach ar a son. 

Suimhneas síoraí da anam uasal.”