Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Des O’Malley

Dáta: Céa 21st Iúi, 2021 | 11:52

Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón in iúl dóibh siúd go léir ar ábhar buartha dóibh bás Des O’Malley.

Is údar mór bróin bás Des O’Malley do chách, trasna an réimse pholaitiúil. Bhain fairsinge agus fiúntas lena ionchur sa saol poiblí mar bhunaitheoir agus mar cheannaire páirtí polaitíochta, mar Aire Rialtais agus mar Theachta Dála.  

Is dea-eiseamláir ar a thiomantas don tseirbhís phoiblí, a chuir sé ar fáil go minic faoi bhrú ollmhór, a bhí ina dhúthracht don fhreastal ar mhuintir Luimnigh, don Phoblacht agus don phróiseas parlaiminteach, ó toghadh den chéad uair é chun na Dála in 1968.

Bhí tionchar an-mhór ag Des O’Malley ar pholaitíocht na hÉireann, agus áirítear ionchur mór i ról na gcomhrialtas i gcruthú rialtas in Éirinn mar chuid dá oidhreacht agus dá ionracas. Cuimhneoimidne, a raibh sé de phribhléid againn a bheith ag obair leis san Oireachtas, air mar dhuine cúirtéiseach, misniúil agus prionsabálta freisin. Mar chara, bhí bua na féithe grinn tráthúla aige a roinn sé le flaithiúlacht chomh maith le bua na híoróine.

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá iar-chomhghleacaithe agus dá chairde.

Suaimhneas síoraí dá anam dílis.