Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Dervla Murphy

Dáta: Lua 23rd Bea, 2022 | 14:37

"Beidh brón mór ar dhaoine ar fud na hÉireann, ina pobal i Lios Mór agus i bhfad i gcéin in áiteanna go leor inar thaistil sí, agus ba líonmhar iad, a chloisteáil gur bhásaigh Dervla Murphy.

Cé go raibh aithne mhaith uirthi mar an scríbhneoir taistil ba cháiliúla in Éirinn, is ar éigin a léiríonn cur síos dá leithéid iomláine agus tuiscint dhomhain ar a saothar. Bhí tiomantas ar leith ina cion ar son na scríbhneoireachta, agus an scríbhneoireacht taistil go háirithe, do luach eispéaras an duine ina éagsúlacht iomlán.

Óna leabhar 'Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle' - a rinne cur síos ar a turas éachtach ar a rothar tríd an Eoraip, an Iaráin, an Afganastáin,  an Phacastáin agus an India- go dtí a hiliomad saothar a rinne cur síos ar a taithí in áiteanna chomh héagsúil le Tuaisceart Éireann, Sasana, na Stáit Aontaithe, an Rúis, Cúba, na Himiléithe, an Mheánoirthear agus trasna na hAfraice, agus í go seasta ina cuairteoir eiticiúil, léirigh sí coinsias sóisialta tábhachtach agus meas ar na daoine ar scríobh sí fúthu.

Choimeád sí ag cur suime láidre sna daoine sin a bhí ag fulaingt ar fud an domhain, fiú go dtí seachtainí beaga anuas agus thug sí léargas tuisceanach ar chúrsaí polaitíochta agus imshaoil agus ar rí-thábhacht na síochána.

Bá mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena hiníon Rachel, ar roinn sí cuid mhaith dá heachtraí léi, lena garchlann agus lena muintir agus lena cairde go léir."