Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Dessie O'Halloran

Dáta: Dom 29th Meá, 2019 | 00:01

“Is cúis mhor bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Dessie O’Halloran, cara mór le ceol na hÉireann agus le saol an oileáin, ceoltóir agus taibheoir. 

Bhí bua an ghutha mhaith agus tallann iontach  an cheoil aige, agus bhain sé leas as a chuid ceoil chun deighiltí tíreolaíochta, ama agus cúlra sóisialta a dhruidim. 

Ba de bhunadh Inis Bó Finne é, áit a raibh a chroí riamh, agus d’fhág Dessie O’Halloran oidhreacht a ndéanfar ceiliúradh uirthi go deo.  
Ba phribhléid é aithne a bheith agam ar Dessie agus ar a mhuintir ar leibhéal pearsanta. 

Mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann, dá chairde agus dóibh siúd go léir a bhfuil grá acu do cheol agus do chruthaitheacht na hÉireann.  
Tabharfar a ghlór uathúil i gcuimhne nuair a luafar a ainm le linn seisiúin ceoil.”