Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Dennis Cahill

Dáta: Mái 21st Mei, 2022 | 17:18

"Is cúis mhór bhróin a bheidh ann dóibh siúd a bhfuil grá acu do cheol traidisiúnta na hÉireann ar fud na hÉireann, ina bhaile dúchais Chicago agus ar fud an domhain ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Dennis Cahill.

Thug Dennis leis stíl ar leith agus nuálaíoch sa tslí inar sheinn sé an giotár, agus ag an am céanna bhí an-mheas aige ar chroí an cheoil thraidisiúnta Éireannaigh.  Cuimhneofar go háirithe air, ar ndóigh, mar gheall ar a chomhshaothar le Martin Hayes mar dhísreach agus lena pháirt sa ghrúpa The Gloaming. Lorg siad réimse trialach an cheoil lena chéile agus chuidigh siad le suim ollmhór i seinm an cheoil thraidisiúnta a chruthú i measc glúin nua daoine in Éirinn agus ar fud an domhain araon.

Bhí sé d'áthas orm Dennis a chloisteáil i mbun ceoil ar an iliomad ócáid agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo go háirithe ar The Gloaming ag seinm le linn na ceolchoirme 'Ceiliúradh', a bhí ar bun sa Royal Albert Hall i Londain in 2014 mar chuid de mo Chuairt Stáit.

Ar son Shaidhbhín agus ar mo shon féin, ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh lena bhean , Mary, dá chlann agus dá chairde agus dá chomhghleacaithe ar fud an domhain.

Tá oidhreacht luachmhar cheoil fágtha ag Dennis ag na glúnta atá le teacht. Suaimhneas síoraí dá anam dílis.”