Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Chormac Ó Braonáin
Dáta: Dom 15th Nol, 2019 | 20:46
Is cúis an-mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás tubaisteach anabaí Chormaic Uí Bhraonáin, gníomhaí agus cathaoirleach ar Ógra Pháirtí an Lucht Oibre.
B’eiseamláir a bhí i bhfuinneamh, idéalachas, flaithiúlacht agus cruthaitheacht Chormaic, ina thiomantas don cheart sóisialta agus ina fhís do shochaí níos cineálta agus níos córa. Aireoidh iad siúd go léir a raibh aithne acu air go mór uathu é.
Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann agus dá chairde agus dóibh siúd go léir a raibh sé de phribhléid acu aithne a bheith acu air.