Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Brian O’Doherty

Dáta: Céa 9th Sam, 2022 | 15:27

"Is le brón mór agus le brath brise a chloisfidh daoine ar fud an tsaoil ealaíne faoi bhás Brian O'Doherty.

Tar éis dó Meiriceá a bhaint amach chun gairm sa leigheas a chleachtadh i ndiaidh dó tús a chur lena staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Cambridge, d'athraigh sé a threo faoi anáil Jack Yeats agus ina áit sin chuaigh sé le gairmréim an iliomad gnéithe den saol ealaíne agus cruthaitheachta i dtír ina ndearna sé a bhaile.

Mar ealaíontóir, léirmheastóir ealaíne agus úrscéalaí, tá oidhreacht bhuan fágtha aige i saothair éagsúla amhail a aiste cheannródaíoch i dtrí chuid ‘Inside the White Cube’, a úrscéal a ainmníodh don duais Man Booker, The Deposition of Father McGreevy’ agus an iliomad saothar ealaíne lena n-áirítear an tsraith 'Rope Drawing' agus a mhúrphictiúir a spreag an t-ogham.

Go deimhin, bhí a ionchur san ealaín Mheiriceánach chomh mór sin go ndúirt a chomhealaíontóir George Segal go raibh líníochtaí O'Doherty ar "an saothar líníochtaí ab fhearr ag aon ealaíontóir Meiriceánach iar-Chogaidh"

In ainneoin an tsaintréithrithe sin, ní dhearna O'Doherty dearmad riamh ar a thír dhúchais agus choinnigh sé a shuim mhór in Éirinn i gcuimhne. Go háirithe maidir le glacadh chuige féin an alter ego is tábhachtaí a d'úsáid sé 'Patrick Ireland', agus é ag cur síniú lena shaothar ó 1972 ar aghaidh tar éis ainghníomhartha Dhomhnach na Fola. Tháinig an leasainm sin chun deiridh tríocha a sé bliana ina dhiaidh sin nuair a bunaíodh roinnt na cumhachta i dTuaisceart Éireann le linn eachtra réamhphleanáilte go cúramach in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann nuair a comóradh meath, tórramh, sochraid agus adhlacadh sollúnta 'Patrick Ireland'.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean Barbara Novak agus lena mhuintir agus a chairde."