Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Brendan Grace

Dáta: Déa 11th Iúi, 2019 | 10:13

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Brendan Grace, amhránaí agus fear grinn.

Mar fhear grinn, bhí sé soiléir go mbíodh acmhainn grinn Breandan ag tarraingt ó thobar domhain na deisbhéalaí Éireannaí agus ag cur go mór leis, lena dhea-chaint spleodrach agus a thráthúlacht, agus a chaidreamh lena lucht éisteachta ar bhain sé an oiread sin taitnimh as.  

Mairfidh na carachtair ab ansa leis go háirithe mar go bhfuil siad so-aitheanta agus go dtugann siad léargas ar thaithí Éireannach de gach aois agus go dtugann chun cuimhne í.

Ba phribhléid dom aithne a chur air agus bualadh leis níl ann ach an 5 Meitheamh seo caite, nuair a tháinig sé in éineacht leis an gcór The Forget Me Nots chuig Cóisir Gairdín in Áras an Uachtaráin.

Mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean chéile Eileen, dá chlann Bradley, Melanie, Brendan agus Amanda, agus dá ghaolta agus dá chairde agus dóibh siúd go léir a raibh meas acu ar a ghrinneas agus a ghreann géarchúiseach.”