Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Bob Hawke
Dáta: Déa 16th Bea, 2019 | 14:38
“Bhí brón orm a chloisteáil gur bhásaigh Bob Hawke, an 23ú Príomhaire ar an Astráil, iar-cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre agus an ceannaire ceardchumainn.
Spreag Bob Hawke díograis agus creideamh i measc Astrálaigh ó gach glúin i gcumhacht na polaitíochta chun athruithe bríocha a dhéanamh sa tsochaí, chun sochair na ndaoine sin a fhágtar ar lár go minic. D’fhág sé oidhreacht thábhachtach mar gheall ar an mbéim a leag sé ar athrú tiomanta ag an gcomhaontú agus socruithe comhpháirtíochta sóisialta.
Cuimhneofar air freisin as an gceannaireacht idirnáisiúnta a thug sé, mar cheannaire ceardchumainn, ina fhreasúracht le réimeas na Cinedheighilte san Afraic Theas.
Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir na hAstráile agus go háirithe dá theaghlach, cairde agus comhghleacaithe.”