Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Benjamin Ferencz

Dáta: Dom 9th Aib, 2023 | 19:52

"Is cúis mhór bhróin a bheidh ann do lucht tacaíochta chearta an duine ar fud an domhain a chloisteáil gur bhásaigh Benjamin Ferencz, an ball deireanach d'fhoireann ionchúisimh Bhinse Míleata Nűrnberg agus feachtasóir gan staonadh ar son Cúirt Choiriúil Idirnáisiúnta bhuan a bhunú le dlínse aici i dtaca le coir an iompair bhagraigh. 
 
Tá córas nua-aoiseach an cheartais choiriúil idirnáisiúnta go mór faoi chomaoin ag Benjamin Ferencz.  Mar imscrúdaitheoir coireanna cogaidh, bhí Benjamin Ferencz i measc an chéad phearsanra de chuid na gComhghuaillithe a shaor campaí báis na Naitsithe. Mhúnlaigh na radhairc a bhí aige ar an mbás agus ar fhulaingt dhoshamhlaithe an duine a thuairiscigh sé agus a chonaic sé cúrsa a shaoil neamhghnách, agus bhí tionchar mothúchánach domhain acu air ar feadh na scórtha  bliain ina dhiaidh sin.
 
Ionchúisíodh 22 oifigeach - cás Einsatzgruppen – a bhí páirteach i ndúnmharú níos mó ná aon mhilliún sibhialtach neamhurchóideach Giúdach, Romach agus eile a rinne scuad maraithe soghluaiste Naitsíoch in oirthear na hEorpa.
 
Tar éis an chogaidh, bhí ról tábhachtach aige i mbun idirbheartaíochta sa chomhaontú cúitimh stairiúil trínar aontaigh an Ghearmáin Thiar aisíoc airgeadais a sholáthar do mharthanóirí ón Uileloscadh.   
 
Chaith sé a shaol i bhfách go mór le cruthú bealaí ceartais idirnáisiúnta éifeachtúla chun freagracht a sholáthar d'íospartaigh coireanna cogaidh, cinedhíothaithe agus coireanna in aghaidh na daonnachta.
 
Ba dhuine a bhain le glúin ar leith a bhí in Ben Ferencz. Chruthaigh a ghairm bheatha go bhféadfaí an tsíocháin agus an ceart a fhíorú. Aireoidh siad siúd go léir a chreideann sa tacaíocht uilíoch do chearta an duine agus a gcur i bhfeidhm go mór uathu é."