Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Mick Brennan

Dáta: Céa 27th Már, 2024 | 09:36

Le bás Mick Brennan tháinig deireadh le ré triúr iontach as Tuaim, Co. na Gaillimhe – Tom Murphy, Mike Cooley agus Mick Brennan, dlúthchairde a d’fhág an mheánscoil chun freastal ar an gcoláiste teicniúil áitiúil agus é mar aidhm acu eitleán a thógáil.

Rinne gach duine acu éacht ar a bhealach féin. Bhí an chéad duine acu ar dhuine de mhórdhrámadóirí na hÉireann, bronnadh an gradam Right Livelihood ar Mick Cooley agus tháinig  leabhair cheannródaíocha ar nós ‘Architect or Bee? ’óna pheann, agus rinne Mick Brennan cion fathaigh ar son ghluaiseacht na gceardchumann.

Is iontach an rud é gur mhair an cairdeas go deireadh idir triúr de na daoine is cruthaithí dár rugadh in iarthar na hÉireann – triúr a d'fhág oidhreacht phearsanta ar leith againn, agus a bhí tiomanta go hiomlán d'fhiúntas an tsaoil a chaitear ar son an duine.

Agus an duine deiridh den triúr sin imithe ar shlí na firínne, is mór an bhris é do phobal na hÉireann a bhfuil an chruthaitheacht tábhachtach acu.

Gabhaim comhbhrón ó chroí le bean chéile Mick Brennan, Ann, lena chlann Paul, Liam, Maeve, Barry agus Shane, agus lena mhuintir ar fad, lena chomhghleacaithe i measc na gceardchumainn, agus lena chairde go léir.

Suaimhneas síoraí dá n-anam dílis.