Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Mhichíl Uí Shúilleabháin.

Dáta: Déa 8th Sam, 2018 | 09:23

Is ábhar mór bróin a bheidh ann dóibh siúd go léir ar fud an domhain a bhfuil an-dúil acu sa cheol, a chloisteáil gur bhásaigh an tOllamh Micheál Ó Súilleabháin, taibheoir, ceoltóir, cumadóir, fear léinn agus craoltóir.

Bhí sé bródúil as a fhréamhacha i gCluain Meala agus  i Maigh Rua, agus ba chomhghleacaí é le ceoltóirí agus le ceoleolaithe mór le rá, leithéidí Sheáin Uí Riada, Aloys Fleischmann, John Blacking agus John Baily. Bhí cáil ar Mhicheál Ó Súilleabháin mar phianódóir agus mar chumadóir ar leith.

Bainfidh an iliomad daoine sásamh as a chuid ceoil agus a shaothar go deo, agus ceiliúradh á dhéanamh acu ar a ghreann, ar a chumas taiscéalta gan faitíos sa cheol agus ar a bhua maidir leis an gcomhcheol, leis an áthas agus lena chumas chun leas a bhaint as cumhacht gan chuimse an cheoil.   

Tá sé os cionn 20 bliain ó shin ó bhí baint aige le bogadh Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann go Luimneach, agus ag an am sin, mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, chonaic mé an díograis lena chuir sé an tionscadal sin i gcrích agus an tiomantas a bhí taobh thiar de Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil a bhunaigh sé in Ollscoil Luimnigh.  

B’ionadaí é do chuid mhaith den Éireannachas ab fhearr agus tá oidhreacht dhodhearmadta fágtha aige dúinn, trína chuid ceoil agus tríd an Dámh, a bhí faoina stiúir ar feadh fiche bliain agus os a chionn.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a bhean, an tOllamh Helen Phelan, a chlann Luke, Eoin agus Micheál, chuig an Dr. Nóirín Ní Riain, a dheartháir John agus a mhuintir uile agus a chairde go léir.