Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Max Levitas

Dáta: Dom 4th Sam, 2018 | 13:39

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Max Levitas, frithfhaisistí agus cosantóir an daonlathais agus a bhunluachanna.

Bhí Max Levitas bródúil as a shinsir Éireannacha agus Ghiúdacha agus é ina shaoránach domhanda, agus ina dhuine an-mhisniúil agus an-daonna.    

Ba sheanfhondúir den “Battle of Cable Street” i Londain a bhí ann, agus b’ionadaí den scoth é do theaghlach a rinne a gcion éachtach ar son an chirt shóisialta agus na polaitíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann agus dá chairde”