Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Mhaelíosa Stafford

Dáta: Déa 13th Aib, 2023 | 17:41

"Beidh brón mór agus an-chumha ar phobal na hamharclannaíochta ar fud na hÉireann agus thar lear ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Maelíosa Stafford.
 
Bhí Maelíosa lárnach sna laethanta iontacha sin nuair a bunaíodh amharclann an Druid i nGaillimh i measc imeachtaí eile, agus bhí a chumas mar aisteoir an-tábhachtach sa rath ar an Druid a bhí tuillte go maith aige. Aithnítear a ról san oiread sin de dhrámaí Tom Murphy, nach maireann,  mar léirithe eisceachtúla, agus cumhacht an chomhshaothair ealaíonta á thabhairt go dtí an leibhéal is airde aige agus thug sé spreacadh do léiriú beoga na gcarachtar as scríbhneoireacht chomh hiontach sin.
 
Bhí níos mó ná an aisteoireacht ina bhua ag Maelíosa. Rinne sé cuid de na saothair is aitheanta de chuid an Druid a stiúradh  agus é ina Stiúrthóir Ealaíne ar an gcompántas i dtús na 1990idí luatha,  agus é i bhfeighil le linn tréimhse chruthaitheach i dtaca leis na hEalaíona in Éirinn.
 
Bhí tionchar ollmhór dearfach ag tuismitheoirí Mhaelíosa, Seán agus Máire, ar an saol cultúrtha agus ar na hEalaíona in Éirinn trína gcuid oibre i dTaibhdhearc na Gaillimhe, agus táimid, mar náisiún, go mór faoi chomaoin acu.
 
Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí le bean Mhaelíosa, Carolyn; lena chlann Eoghan, Cian, Aelia agus Benen agus lena gharchlann Banjo; lena dheirfiúracha Orfhlaigh agus Fionnuala; agus lena dheartháireacha Conall agus Ruairí agus lena chairde.
 
Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh chomh maith lena chomhghleacaithe i gcompántas O'Punksky i Sydney, leo siúd go léir a d'oibrigh leis thar na blianta agus leo siúd uile a aireoidh uathu é.”