Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar ócáid chur i bhfeidhm an tSosa Cogaidh cothrom céad bliain ó shin.

Dáta: Sat 10th Iúi, 2021 | 09:44

Is eachtra shuntasach atá sa Sos Cogaidh i nDeich mBliana na gComórthaí. Agus machnamh á dhéanamh ar an Sos Cogaidh, a aontaíodh 100 bliain ó shin, tá sé ceart smaoineamh ar conas a bhí na daoine ar na sráideanna sna sráidbhailte, na bailte agus na cathracha ag súil leis an tsíocháin agus ag guí go dtiocfadh sí.

Ar dhá ócáid sna trí bliana roimhe sin, chuir siad a mianta in iúl sa bhosca ballóide. Diúltaíodh don chur in iúl sin.

Ní raibh bliain féin caite roimhe sin nuair a diúltaíodh moltaí an Ardeaspaig Clune ach an oiread le glór aontaithe bhaill na gceardchumann.  

Agus iad ag cruinniú agus súil acu le sos cogaidh a mbeadh síocháin bhuan ina thoradh air, bhí ábhar buartha eipidéim fliú 1918 á iompar acu; agus amach rompu bheadh tragóid an Chogaidh Chathartha.

Is ceart go ndéanfaí comóradh ar eachtra ina n-aontaítear síocháin idir comhraiceoirí mar dhíocas chun síochána a cuireadh siar.

D’fhéadfaí an oiread sin beatha agus fulaingthe a bheith spáráilte dá mba rud é gur léiríodh meas ar thoil dhaonlathach na ndaoine.