Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi chanónú an Ardeaspaig Oscar Romero
Dáta: Dom 14th Dei, 2018 | 12:50
“Mar Uachtarán na hÉireann táim tar éis beannachtaí ó chroí mhuintir na hÉireann a sheoladh chuig Uachtarán agus muintir El Salvador ar ócáid chanónaithe an Ardeaspaig Oscar Romero – an laoch a chosain cearta an duine, urlabhraí ar son na síochána agus duine a throid in aghaidh leatrom ar na bochtáin.
Ar bhás dó, rinne muintir El Salvador cur síos air mar seo: 'El obispo que anda con los pobres' (An t-easpag a shiúlann leis na bochtáin).
Is lá ceiliúrtha atá ann do chosantóirí uile chearta an duine.”