Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi na hionsaithe i Srí Lanca

Dáta: Dom 21st Aib, 2019 | 11:02

“Mar Uachtarán na hÉireann, táim cinnte de go mbeidh an-imní ar mhuintir na hÉireann a chloisteáil gur maraíodh na sluaite in ionaid adhartha i Srí Lanca, ag tráth a bhfuil suntas reiligiúnach ag baint leis.  

Is ceart bunúsach atá sa cheart adhradh a dhéanamh.  

Seolaim comhbhá agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann chuig teaghlaigh na ndaoine a bhásaigh agus chucu siúd a gortaíodh.”