Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on the attacks in Mogadishu

Dáta: Lua 16th Dei, 2017 | 07:40

“Baineadh suaitheadh as daoine ar fud an domhain mar gheall ar an slad uafásach a rinneadh ar dhaoine neamhurchóideacha in Mogadishu.

Tá sé tábhachtach go mbeimis go léir, a chreideann i luachanna an daonlathais agus san fhorbairt inbhuanaithe, diongbháilte inár n-iarrachtaí seasamh in aghaidh léirithe foréigin, fuatha agus deighilte agus go dtairgfimis ár dtacaíocht d’iarrachtaí na Somáile todhchaí síochánta agus cuimsithe a thógáil.

Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí agus mo dhlúthpháirtíocht a chur in iúl do chlanna na ndaoine sin atá buailte agus le muintir Mogadishu agus na Somáile.”