Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

TEACHTAIREACHT ÓN UACHTARÁN MICHEÁL D. Ó hUIGÍNN

Dáta: Sat 23rd Bea, 2020 | 19:05

"Agus deireadh ag teacht le mí naofa Ramadan, agus Moslamaigh in Éirinn agus ar fud an domhain ag teacht le chéile chun Eid al-Fitr a cheiliúradh, ba mhaith liom mo bheannachtaí a thabhairt do phobail Mhoslamacha, pé áit ina bhfuil siad, agus sláinte, sonas agus síocháin a ghuí orthu sa bhliain amach romhainn. 
  
Tá tionchar á imirt ag Covid-19 ar ár saolta go léir. Tá a fhios agam go raibh dúshláin sa bhreis roimh phobail Mhoslamacha dá bharr sin agus iad ag cloí le gnásanna mhí naofa Ramadan. 

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh libh as an tslí ar sháraigh sibh na deacrachtaí sin sa bhliain áirithe seo, agus gabhaim buíochas libh as an ionchur luachmhar a bhíonn agaibh i sochaí na hÉireann agus an domhain.

Eid Mubarak."