Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on the Nobel Peace Prize for Denis Mukwege and Nadia Murad

Dáta: hAo 5th Dei, 2018 | 12:03

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis comhghairdeas a dhéanamh le Denis Mukwege agus le Nadia Murad, ar bronnadh Duais Nobel na Síochána 2018 orthu.  

"Ar son mhuintir na hÉireann ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Denis Mukwege agus le Nadia Murad as Duais Nobel na Síochána 2018 a bhuachan.


Tá fáilte roimh chinneadh an Choiste Nobel Duais Nobel na Síochána a bhronnadh ar Denis Mukwege agus ar Nadia Murad agus tá sé tuillte go maith acu.  

Tá cáil bainte amach ag an Dr. Mukwege mar gheall ar a shaothar gan staonadh  agus tacaíocht á tabhairt aige d’íospartaigh an éignithe, agus tá aitheantas den scoth tuillte ag an Uasal Murad as a cuid oibre a tharraing aird ar dhrochbhail an phobail Yazidi san Iaráic, agus ar íospartaigh an éignithe agus na gcoireanna cogaidh go háirithe.  

Nuair a bhuail mé leis an Uasal Murad in Áras an Uachtaráin in 2016, bhí mé an-chorraithe ag a cur síos ar a raibh á fhulaingt aici agus ag an bpobal Yazidi, agus chuaigh a díograis, a tiomantas agus a dínit go mór i gcion orm.  

Is aitheantas agus ábhar spreagtha atá sa ghradam dóibh siúd go léir atá ag leanúint lena slándáil phearsanta a chur i mbaol, mar atá déanta ag an Dr. Mukwege agus ag an Uasal Murad, chun troid i gcoinne coireanna cogaidh agus chun ceart a bhaint amach d’íospartaigh.

Tá an onóir seo agus ár mbuíochas as a gcuid iarrachtaí chun domhan níos fearr a thógáil tuillte go maith ag an mbeirt.”