Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi na hionsaithe ar na moscanna sa Nua-Shéalainn

Dáta: hAo 15th Már, 2019 | 08:30

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ráiteas ar maidin faoi na hionsaithe ar dhá mhosc  in Christchurch, an Nua-Shéalainn.

Sa ráiteas a d’eisigh Áras an Uachtaráin dúirt an tUachtarán:

"Tá alltacht curtha ar dhaoine ar fud an domhain ag na hionsaithe ar mhoscanna sa Nua-Shéalainn.  

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom comhbhrón mhuintir na hÉireann a chur in iúl do theaghlaigh na n-íospartach, agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann a chur in iúl do mhuintir na Nua-Shéalainne ag an am seo.

Déanfaidh siad siúd go léir a chreideann sa tsaoirse agus i luachanna an daonlathais cáineadh ar an ionsaí seo ar dhaoine neamhurchóideacha i láithreacha adhartha do phobal reiligiúnach. 

Tá comhbhrón ó chroí curtha in iúl agam don Phríomh-Aire Ardern agus don Ghobharnóir Ginearálta ar son mhuintir na hÉireann.”