Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Lá Domhanda na Daonnúlachta 2022

Dáta: hAo 19th Lún, 2022 | 16:59

Inniu, ar Lá Domhanda Daonnúlachta an Aontais Eorpaigh, chuir Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, fáilte roimh an Uasal Abdi-Rashid Haji Nur, Stiúrthóir Tíre Concern in Somalia, go hÁras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise. Roimhe seo, bhuail an tUachtarán le hAbdi-Rashid 30 bliain ó shin i 1992 in Somalia, le linn ghorta na bliana sin, agus inniu, fuair an tUachtarán uasdátú uaidh ar bhagairt an tríú gorta sa tír le tríocha bliain anuas.

I ráiteas, dúirt an tUachtarán: 

“Ar Lá Domhanda na Daonnúlachta, tá sé riachtanach go ndéanfaimis machnamh ar an struchtúr atá ar neamhdhaingneacht bia domhanda, agus  ar an leochaileacht a thagann ón éileamh ollmhór ar phríomhbhia nach bhfuil aon smacht ag an daonra áitiúil ar an soláthar, ar an dáileadh ná ar an bpraghas. 
 
Inniu, i gCorn na hAfraice tá bagairt  gorta eile  romhainn le níos mó ná 7 milliún daoine in Somalia amháin, 1.5 milliún páistí ina measc, i mbaol ollmhór. I 1992 agus arís in 2011, dúirt an domhan nach dtarlódh a leithéid ‘riamh arís’ in Somalia, ach arís eile, feicfimid go bhfuil géarchéim thromchúiseach os ár gcomhair amach. Mar aon le tacaíocht láithreach a chur ar fáil le dul i ngleic leis an tubaiste seo, tá gníomhaíocht struchtúrtha de dhíth má táimid chun éalú ó bhagairt sheasta an ghorta, an ocrais agus an mhíchothaithe.

Ar Lá Domhanda na Daonnúlachta, aithnímid an t-ionchur riachtanach a bhí ag go leor daoine ar fud na hÉireann agus timpeall an domhain sna géarchéimeanna seo san am atá i láthair  agus go seasta thar na blianta.

Mar aon le freastal a dhéanamh ar na riachtanais daonnúla, tá sé níos tábhachtaí fós go rachfar i ngleic leis na teipeanna struchtúrtha, tuairimíocht faoin mbia mar thráchtearra san áireamh.
 
Tá tacaíocht á tabhairt ag Éirinn trí Chúnamh Éireann, trí ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus ENR ag oibriú don ghorta agus don mhíchothú. Tá sé ríthábhachtach, áfach, go nglacfaidh na geilleagair is láidre ar domhan lena ról sa troid seo in aghaidh an ghorta, an díláithrithe, an mhíchothaithe agus na bochtaineachta domhanda, agus go dtabharfar tús áite do riachtanais an duine daonna in ionad cumhachtaí na cruinne ag míleatú an phláinéid”.