Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Stoirm Ali
Dáta: Céa 19th Meá, 2018 | 10:22
“D’fhéadfadh go mbeadh contúirt ag baint leis na gaotha láidre inniu agus impím ar gach duine aird a thabhairt ar na foláirimh atá á dtabhairt ag na húdaráis agus a bheith cúramach nuair atá sibh ag taisteal nó amuigh faoin aer.
Ba chúis mhór bhróin dom a chloisteáil go bhfuil duine tar éis bháis sa Chladach Dubh i gContae na Gaillimhe inniu. Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá clann.
Ba mhaith liom an deis a thapú, freisin, le moladh a thabhairt do na heagraíochtaí reachtúla agus deonach ar fud na tíre, atá ag tabhairt cúnaimh agus atá réidh le cabhrú lena gcomhshaoránaigh, agus atá ag obair chun seirbhísí riachtanacha a choimeád ar siúl.”