Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an sléacht i Séipéal Caitliceach Naomh Proinsias in Owo, sa Nigéir.

Dáta: Mái 7th Mei, 2022 | 16:24

"Mar Uachtarán na hÉireann, agus ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir na ndaoine sin go léir a maraíodh agus a gortaíodh i gceantar Owo na Nigéire le linn an ionsaithe ar Shéipéal Caitliceach Naomh Proinsias agus Domhnach na Cincíse á chomóradh acu.

Is cúis cháinte ar leith atá ann go ndearnadh a leithéid d'ionsaí in áit adhartha, mar aon le hiarracht ar bith ceap milleáin a dhéanamh de phobal tuaithe atá ar na híospartaigh is mó d'iarmhairtí an athraithe aeráide.

Táimid tagtha go dtí géarchéim, a bhfuil tionchar inmheánach agus réigiúnach aici atá bunaithe ar streachailt agus ar shlite maireachtála, de bharr an neamart atá déanta maidir le fadhbanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair bia san Afraic ar feadh tréimhse fhada.

Tá dualgas orainn go léir, mar phobal domhanda, seasamh gualainn ar ghualainn leo siúd go léir a bhfuil tionchar ag an eachtra uafásach sin orthu agus i streachailt na ndaoine is leochailí le hiarmhairtí an athraithe aeráide."