Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le gradam Gnó ar son na Síochána Martin Naughton

Dáta: Mái 20th Már, 2018 | 14:32

Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le Martin Naughton, bunaitheoir Glen Dimplex, as an ngradam Gnó ar son na Síochána a bronnadh air, mar aitheantas ar an méid atá déanta aige chun síocháin a chruthú trí thionscnaimh ghnó.

Tá an t-aitheantas domhanda seo tuillte ag Martin Naughton as an ról atá aige i dtacú le forbairt ghnó ar fud oileán na hÉireann, agus as a iarrachtaí chun an earnáil phríobháideach a spreagadh le díriú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar thógáil síochána agus inbhuanaitheacht chomhshaoil.

Is mian liom féin, agus Saidhbhín, comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis, agus le Lori Blaker agus Edgar Montenegro, a bhfuil aitheantas á thabhairt dá gcuid oibre inniu freisin.