Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhua Laighean i gCluiche Ceannais an Pro 14

Dáta: Sat 25th Bea, 2019 | 21:23

Tá comhghairdeas curtha in iúl ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn d’fhoireann rugbaí Laighean as cluiche ceannais an Pro 14 a bhuachan:



“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine i Rugbaí Laighean as a mbua i nGlaschú inniu, áit ar thug siad leo a séú craobh Pro 14.

Dóibh siúd gur breá leo spórt na hÉireann, ba iontach a bheith ag féachaint ar fhoireann Laighean seo agus iad ar a dturas tríd an gcraobh, iad spreagtha ag a gcuid oibre mar fhoireann agus a scil aonair, agus ag an tacaíocht iontach ó chóitseálaithe, óna dteaghlaigh agus óna dtacadóirí.”