Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on International Day of Charity

Dáta: Mái 4th Meá, 2018 | 21:42

“Inniu, agus Lá Idirnáisiúnta na Carthanachta, arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe, á cheiliúradh againn, is ceart agus is cóir go n-iarrfaimis ar a chéile an obair ríthábhachtach a dhéanann an iliomad daoine a thugann a gcuid ama agus a scileanna chun freastal ar riachtanais daoine eile a cheiliúradh.


Is codanna ríthábhachtacha d’aon sochaí fholláin agus acmhainneach an carthanas, an obair dheonach agus an tsaoránacht ghníomhach. Is tríd ár saoránaigh a spreagadh chun iad féin - agus a chéile - a chumasú ionas gur féidir linn an pobal cuimsitheach agus cearta-bhunaithe, is fearr a dhéanfaidh fónamh dár nglúine faoi láthair agus amach anseo, a thógáil.  

Agus Lá Idirnáisiúnta na Carthanachta á cheiliúradh againn, tugaimis ómós dóibh siúd go léir atá fós ag obair chun an bhochtaineacht agus an fhulaingt a laghdú, agus dóibh siúd atá ag obair chun constaicí atá i mbealach fhíorú iomlán na gceart daonna do chách a dhíothú.”