Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Garda sa Chaisleán Riabhach

Dáta: Déa 18th Mei, 2020 | 09:03

“Táimid go léir curtha trí chéile ar chloisteáil dúinn gur bhásaigh bleachtaire Garda a bhí ar dualgas sa Chaisleán Riabhach go tragóideach.

Tá ról lárnach ag an nGarda Síochána inár bpobail agus déanann caillteanas beatha mar sin dochar don tsochaí ina hiomláine.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do chlann, do chairde agus do chomhghleacaithe an Gharda agus dóibh siúd go léir ar chuir an tragóid seo isteach orthu.

Táim tar éis dul i dteagmháil le Coimisinéir an Gharda Síochána chun mo chomhbhrón a chur in iúl ar bhás tubaisteach ball den Fhórsa.”