Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Lá Domhanda na bPiseánach 2024

Dáta: Sat 10th Fea, 2024 | 16:19

"Dóibh siúd atá ag obair ar mhaithe le slándáil bhia a bhaint amach, tá Lá Domhanda na bPiseánach ar cheann de na laethanta is tábhachtaí i bhféilire na bliana.

Ní foláir go mbeadh piseánaigh, nó léagúm mar a thugtar orthu freisin, lonnaithe ag croílár an phlé mar gheall ar conas spleáchas a bhriseadh agus conas tacú le tíortha an tOcras Nialasach, Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na NA, a bhaint amach.

Is staitistic shuntasach í gur in ainneoin go bhfuil dhá thrian den talamh curaíochta ina seilbh aici, déanann an Afraic iompórtáil ar 100 milliún tona bia ar luach $75 billiún in aghaidh na bliana. Is féidir le piseánaigh tionchar a imirt ar an spleáchas seo a bhriseadh. 

Tá piseánaigh – cosúil le sicphiseánaigh, pónairí triomaithe, lintile, piseanna triomaithe agus lúipíní - folláin, ard i bpróitéin agus ilchothaitheach, agus d’fhéadfaidís ról riachtanach a ghlacadh i slándáil an bhia agus san fhorbairt inbhuanaithe ar fud na cruinne.

Cuir i gcás lintilí a freastalaíonn ar na riachtanais uile neamhthuilleamhaíochta, inbhuanaitheachta agus freagrachta éiceolaíochta. Ag an am céanna, bíonn tionchar dearfach ag na piseánaigh ar an domhain, chomh maith le inrochtaineacht ar bhia a éascú. 

Tá géarghá ann anois le tuilleadh taighde a dhéanamh ar mhaithe leis na constaicí a shárú, idir dheacrachtaí teicniúla agus polasaí, atá ag cur bac ar acmhainn iomlán na bpiseánach a fhíorú. 
Tá sampla den taighde tábhachtach seo le feiceáil sa togra atá ar bun ag an Ollamh Charles Spillane agus Institiúid Ryan in Ollscoil na Gaillimhe. Togra ollmhór idirdhisciplíneach is ea ‘Scaling Legumes for Development Outcomes’ atá maoinithe ag an AE agus atá ar bun in éineacht leis an nGrúpa Comhairliúcháin um Thaighde Idirnáisiúnta Talmhaíochta (CGIAR), leis an ollscoil, chomh maith le páirtithe náisiúnta sa Mhaláiv, sa tSaimbia, sa Tansáin agus san Aetóip.

Tá tábhacht as cuimse ag obair den chineál seo le táirgiúlacht, inbhuanaitheacht, cothú, sláinte agus slite maireachtála feabhsaithe a fhíorú d’fheirmeoirí beaga, agus tá ról nach beag le himirt ag piseánaigh ina leithéid."