Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis an rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Gaza

Dáta: Lua 25th Már, 2024 | 18:41

“Is cinnte go bhfáilteoidh an saol Fódlach roimh an rún atá díreach tar éis a bheith rite ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus roimh an mbreithniú a rinneadh ar an méid a bhféadfaí a bhaint amach le sos comhraic in Gaza, agus roimh an dóchas atá acu uile go gcuirfear an rún sin chun feidhme go tapa. 

Mar atá ráite ag António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe,  “náire shaolta” a bheadh ann gan an rún a chur chun feidhme. Ní mór sos cogaidh láithreach agus scaoileadh saor na ngiall ar fad a bheith ann anois.

Ar ndóigh is é an tionscnamh is tábhachtaí atá fós le déanamh in Gaza, tionscnamh lena sábhálfar beatha daoine, ná ceist na rochtana ar na méideanna bia, cógas agus riachtanas bunúsach a ullmhaíodh cheana féin agus a bhfuil bac curtha orthu, agus a gcoisctear a dtrasnú de thír chuig na daoine a bhfuil géarghá acu leo.

Dúirt an tArd-Rúnaí Guterres go bhfuil obair UNRWA ina “lámh tharrthála lán dóchais agus dínite” dóibh siúd atá ag fulaingt. Maidir le fógra na nÚdarás Iosraelach nach gceadóidh siad a thuilleadh d'aon chonbhaigh bia de chuid UNRWA dul go dtí tuaisceart Gaza, dúirt Philippe Lazzarini, Ard-Choimisinéir UNRWA, “is náireach an fógra é agus léirítear leis gur d’aon turas a chuirtear bac ar chúnamh tarrthála le linn gorta atá mar thoradh ar obair an duine”. 

Ní mór go mbeadh fáil phráinneach ar bhia acu siúd atá ar an ngorta ar an gcloch is mó ar ár bpaidrín. Ina leith sin, rinneadh rith an phacáiste caiteachais de $1.2 trilliún Dé hAoine seo caite,  lenar scaoileadh a cistiú rialta d’údaráis Iosrael, agus lenar cuireadh stop ag an am céanna, ar feadh 12 mhí ar a laghad, le cúnamh do phríomh-ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe a sholáthraíonn cúnamh do na Palaistínigh – tráth atá tíortha eile ag teacht ar athchinneadh maidir le UNRWA ar iarratas ó Éirinn agus ó dhaoine eile – a cháineadh, agus is ceart sin, ag na comhlachtaí idirnáisiúnta go léir a bhfuil baint acu le féachaint le dálaí gorta atá ag bagairt anois a sheachaint.

Leis an nGníomh lena gcuirtear an pacáiste caiteachais i láthair agus lena gcuirtear stop le cúnamh do UNRWA, déantar athrá ar an bhforáil nach gcuirfí aon cheann de na cistí a ndéantar foráil maidir leo ar fáil le haghaidh cúnaimh d’Údarás na Palaistíne má “thionscnaíonn na Palaistínigh imscrúdú arna údarú go breithiúnach ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), nó má thacaíonn siad go gníomhach leis an imscrúdú sin, ar imscrúdú é lena gcuirfear náisiúnaigh de chuid Iosrael faoi réir imscrúdú maidir le choireanna líomhnaithe in aghaidh na Palaistíne.”

An bac sin ar rochtain ag íospartaigh ar chúirt idirnáisiúnta – sé sin ag Palaistínigh lonnaithe, i measc daoine eile, a rinneadh mí-úsáid  orthu ag baill fhoréigneacha de lonnaíochtaí mídhleathacha, a ndearnadh a ngníomhartha a cháineadh cheana féin – leis an mbac sin baintear den urraim ar an dlí idirnáisiúnta.

Chun go mbeidh ceanglais an dlí idirnáisiúnta fóinteach, ní mór gurb ionann iad do chách. Ba cheart go dtiocfadh na sáruithe foréigneacha a rinne Hamas, nuair a dhéanfaidh gníomhaireachtaí idirnáisiúnta ábhartha iad a dheimhniú, os comhair cúirte idirnáisiúnta den sórt sin, ach ba cheart freisin go rachadh gach gníomh foréigin i gcoinne na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar agus in Gaza os comhair na cúirte sin freisin.

Is gnách le foralacha den sórt lena dtugtar rochtain choinníollach agus srianta ar chistiú saoirse ó phionós a bhronnadh ar ghníomhaíocht mhídhleathach, saoirse atá ag leathnú de shíor. Má ghlactar leis seo ó thaobh ar bith, nó ó fhoinse ar bith, baintear an bonn den phobal idirnáisiúnta ó thaobh chumas an dlí idirnáisiúnta amach anseo. Ba cheart do gach duine a chreideann go bhfuil rochtain chomhionann ar an ndlí idirnáisiúnta agus cosaint faoin ndlí sin tábhachtach cur i gcoinne an rúin.”