Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis glaoch fóin leis an Dr Mike Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an WHO

Dáta: Sat 3rd Fea, 2024 | 12:41

Bhí comhrá ar an nguthán ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn aréir leis an Dr Mike Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chláir Éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte.

Tháinig an plé sna sála ar chruinniú a bhí ag an Uachtarán 18 Nollaig 2023 in Áras an Uachtaráin leis an Dr Ryan agus le hArdstiúrthóir an EDS, an Dr Tedros Ghebreyesus. Rinneadh gealltanas ag an gcruinniú úd go bhfanfaidís i dteagmháil maidir le cúrsaí sláinte agus bia, agus go háirithe i gcomhthéacs na géarchéime daonnúla in Gaza.

Le linn an ghlaoigh chuimsithigh seo, thug an Dr Ryan uasdátú don Uachtarán ar an bhfigiúir is déanaí maidir le básanna in Gaza, atá anois tar éis 127,000 a shárú. Dúirt sé leis an Uachtarán freisin gurb é 152 an figiúr reatha atá acu ar líon na mbásanna i measc bhaill foirne Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe.

I ndiaidh a nglaoigh, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur mhian leis teacht leis an bpráinn a léiríodh dó agus tuairiscí éagsúla ar na meáin ag maíomh go bhfuil caint ann faoi ionsaí ar Rafah agus go bhfuil cainteanna an tsosa cogaidh in uair na cinniúna.