Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis bhua na hÉireann i gcomórtas na Sé Náisiún

Dáta: Sat 18th Már, 2023 | 21:41

“Déanaim comhghairdeas le foireann rugbaí na hÉireann as an éacht iontach atá déanta agus an Chaithréim Mhór bainte acu. Bhí feachtas den scoth ar siúl ag an bhfoireann agus thuill siad an craobh i gcomórtas na Sé Náisiún. Bhí sásamh ar leith le baint as an gCaithréim Mhór a bhuachan sa bhaile agus tabharfaidh sé spreagadh dóibh siúd go léir ar fud na tíre a tháinig le chéile chun an fhoireann a ghríosú chun bua.

Tugaim ardmholadh ar leith do Johnny Sexton agus déanaim comhghairdeas leis as a bheith ina chaptaen ar an bhfoireann sa bhua stairiúil sin san fheachtas deiridh aige i gcomórtas na Sé Náisiún.”