Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis a chruinnithe le hUachtarán na Colóime Juan Michel Santos

Dáta: Mái 14th Fea, 2017 | 20:11

“Ha sido un privilegio y un placer poder responder a la invitación del Presidente Santos para visitar Colombia y quiero expresar mi sincero agradecimiento al Presidente Santos por la muy amable hospitalidad que me ha mostrado a mí y a los que han viajado aquí conmigo. 

[Is pribhléid agus onóir dom a bheith ábalta glacadh leis an gcuireadh ón Uachtarán Santos cuairt a thabhairt ar an gColóim agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis an Uachtarán Santos as an bhfáilte chineálta a chuir sé romham agus rompu siúd a tháinig anseo i mo chuideachta. ]

Is díol suntais é teacht ar ais chuig an gColóim, 7 mbliana tar éis mo chéad chuairte anseo, agus tír atá ag cur túis le ré nua ar aistear na síochána a fheiceáil, a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur le 50 bliain de choimhlint a bhánaigh an oiread sin saolta.  Is éacht atá déanta; éacht cheannaireachta pearsanta de chuid an Uachtarán Santos ach éacht a bhaineann le muintir na Colóime trí chéile. Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a chur in iúl duit go bhfuil tacaíocht na hEireann agaibh agus sibh ar bhóthar na síochána agus an athmhuintearais.

I mo chruinniú leis an Uachtarán Santos inniu, chuir an tUachtarán ar an eolas mé maidir leis an dul chun cinn i gcur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Shíochána agus an phlean mhearfhreagartha 100 lá sa Cholóim, chomh maith le socruithe chun creatphlean cuimsitheach 15 bliana a thabhairt chun críche lena chinntiú go gcuirtear an Comhaontú i bhfeidhm go hiomlán. Molaim é as an gcur chuige an-nuálach a bhí aige le linn chomhchainteanna Havana, a bhfuil eiseamláir inspioráideach déanta aige de thaithí na Colóime don iliomad tíortha agus réigiún den domhan ina bhfuil coimhlint fhíochmhar fós ar siúl.     

Inár gcruinnithe, labhair mé leis faoinár dtaithí i ndéanamh síochána, agus faoi na ceachtanna atá foghlamtha againn ón bpróiseas sin agus labhair mé leis an Uachtarán Santos faoina bhfuil foghlamtha ag próisis síochána eile ó na tionscnaimh go léir a cuireadh i bhfeidhm i bpróiseas síochána na Colóime.    Táimid ábalta leas a bhaint as a raibh rath orthu agus a raibh teip orthu araon chun ár gcaidreamh leis an bpróiseas síochána a neartú, go dáthaobhach agus tríd an Aontas Eorpach.

Is cúis mhór bhróid dúinn go raibh Éire ábalta cuidiú le cainteanna an phróisis síochána i Havana agus go gcuideoimid le tacaíocht a thabhairt d'obair an Uasail Éamon Gilmore ina ról mar Thoscaire Speisialta an AE chuig an bpróiseas síochána. Tá Éire tar éis oifigeach a thabhairt ar iasacht do thoscaireacht an AE i mBogotá, chomh maith le saineolaí teicniúil chuig Aireacht Iar-Choimhlinte na Colóime, chun cuidiú leis an gcur i bhfeidhm iarchoimhlinte.
Le linn mo chuairte giorra sa Cholóim, bhí an deis agam breathnú ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun díshlógadh agus ath-imeascadh síochánta na n-iarchomhraiceoirí a chinntiú agus an cúram atá á dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an próiseas síochána chomh cuimsitheach agus is féidir.
Bhí an deis agam, freisin, bualadh le hionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí neamhrialtasacha sa Cholóim  agus éisteacht leo agus chuaigh siad i gcion orm, maidir le tábhacht a gcuid oibre i ndaingniú na síochána, agus ní féidir róbhéim a chur ar an mbonn atá á chur acu faoin bhforbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe.    

Teastóidh athruithe bunúsacha chun déileáil leis an bhforéigean, leis an díláithriú éigeantach agus leis an bhforéigean gnéasach agus gnéasbhunaithe.  Tá sé ríthábhachtach go dtugtar faoin bhforbairt inbhuanaithe tuaithe  agus uirbeach agus go dtógtar institiúidí chun cearta an duine a chosaint agus a chur i bhfeidhm agus meas agus caoinfhulaingt maidir le héagsúlacht a chothú.   Sa chomhthéacs sin, labhair mé leis an Uachtarán Santos maidir leis an imní atá orm faoin méadú i mbagairtí ar cheannairí sóisialta, ar chosantóirí céadlíne, ar cheardchumannaigh agus ar chosantóirí chearta an duine agus agus ina marú sa Cholóim.              Tá a fhios agam go bhfuil rialtas na Colóime ar an airdeall maidir leis an ngá leis an stát bheith i láthair sna réigiúin atá buailte agus le beartais nua a thabhairt isteach chun gníomhaithe na sochaí sibhialta a chosaint.

Phléamar go leor ceisteanna eile inniu. Tá áthas orainn beirt go bhfuil borradh faoin gcomhoibriú in earnáil an oideachais idir Éirinn agus an Cholóim, agus bhí sé d'áth orm a bheith i láthair ag síniú ceithre mheabhrán chomhthuisceana idir Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus roinnt institiúidí tríú leibhéal sa Cholóím.  

Phléamar freisin an buntáiste eacnamaíochta agus infheistíochta féideartha don Cholóim ó phróiseas síochána rathúil agus d'aontaíomar go dtiocfadh toscaireacht ó ProColombia, Gníomhaireacht Infheistíochta Dírí na Colóime, go hÉirinn i mbliana le bualadh lena macasamhla san Údarás Forbartha Tionscail.  

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh arís leis an Uachtarán agus le muintir na Colóime as a bhfáilte chroíúil. Bhain mé leas as an gcéad chuairt ag Uachtarán na hÉireann in oifig lena chur in iúl do mhuintir na Colóime go bhfuil uchtach á thabhairt ag Éirinn dóibh ar a dturas i dtreo na síochána agus an athmhuintearais. Tá sé de phribhléid ag Éirinn go raibh sí ábalta ionchur a bheith aici ar thuras na Colóime ón gcoimhlint chuig an tsíocháin, agus an t-aistear ón dorchadas go dtí an solas a chomhroinnt. 

CRÍOCH 

Bogotá, 14 Feabhra 2017