Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Michael O’Regan

Dáta: Lua 19th Fea, 2024 | 13:02

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás Michael O’Regan.

Níor lagaigh a shuim sa pholaitíocht go lá a bháis, agus cronóidh daoine as gach réimse den pholaitíocht é.

Bhí mé féin i dTeach Laighean sa tréimhse céanna nach mór go raibh Michael O’Regan ag obair ann mar iriseoir agus ba iriseoir é a raibh ard-mheas agamsa agus ag go leor daoine eile air.

Is mó comhrá croíúil agus spéisiúil a bhí agam le Michael i gcaitheamh na mblianta. Duine an-bhéasach a bhí ann agus is maith a thuig sé an tábhacht a bhain leis an ngreann, féith a bhí go smior ann mar Ciarraíoch bródúi.

D'fhreastal Michael ar scoil iriseoireachta seana-bhunaithe i gColáiste Ráth Maonais agus mar sin de thug sé tús áite do chomhthéacs an scéil, agus bhí seasamh faoi leith ag a shaothar iriseoireachta toisc an dua a chaith sé leis an scéal agus ráitis roimhe sin ón té a bh faoi agallamh a chíoradh. 

Toisc taighde domhain a bheith mar bhunchloch lena shaothar, ní hamháin gur thug Michael tuiscint iomlán ar gach ceann de na hábhair a phlé sé do léitheoirí an Irish Times, ach freisin dóibh siúd a bhain tairbhe as a rannpháirtíocht rialta i bpléití ar phainéil raidió agus teilifíse.

Sular tháinig sé chun bheith ina thuairisceoir ar chúrsaí i dTeach Laighean rinne Michael éacht lena chlúdach ar Bhinse Fiosrúcháin Leanaí Chiarraí, le linn an bhinse féin agus sa leabhar uaidh ar an tragóid sin agus ar láimhseáil na tragóide.

Le blianta beaga anuas, scríobh Michael cuntas lán dínite ar an gcóireáil a bhí á chur air le haghaidh ailse. Mar gheall ar an gcuntas breá soiléir agus neamhbhalbh a thug sé uaidh faoin gcóireáil a fuair sé, tá buíochas tuillte aige ó dhaoine eile toisc gur chuidigh sé leo tuiscint a fháil ar an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar a gcóir leighis siadsan. Bhí scileanna an iriseora maidir le comhthéacs, láíocht agus soiléire le feiceáil go soiléir sa chuntas sin, mar a bhí ariamh.

Cronóidh a lucht aitheantais, mise ina measc, é. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann, dá chairde, agus dá chomhghleacaithe.

Síocháin síoraí dá anam.”