Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis bearta breise ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le Gaza

Dáta: Déa 28th Már, 2024 | 20:31

“Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an Ordú úr ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inniu go gcinnteoidh Iosrael go mbeidh soláthar seirbhísí bunúsacha agus cúnaimh daonnúil ann, soláthar gan bhac ar scála a bhfuil géarghá leis - lena n-áirítear bia, uisce agus leigheas - agus go n-osclóidh siad níos mó trasbhealaí talún chun cosc a chur ar scaipeadh an ghorta agus an mhórocrais.

Níl glacadh leis anois ó thaobh na moráltachta de go mbeadh oiread is guth amháin ina thost san Aontas Eorpach nó sa chomhphobal idirnáisiúnta, ní mór do gach tír gach is féidir leo a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh cúnamh ar fáil láithreach, go mbeidh sos comhraic agus scaoileadh na ngiall ar fad ann de réir Rún na seachtaine seo ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe."