Ráiteas ón Uachtarán Ó hUiginn - Bás Aidan Higgins
Dáta: Lua 28th Nol, 2015 | 18:46
D’eisigh Uachtarán na hÉireann an ráiteas seo a leanas ar bhás an scríbhneora Aidan Higgins:
“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Aidan Higgins.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Alannah Hopkin, a gclann Carl, Julien agus Elwin, agus dá gharchlann agus dá chairde chomh maith.Rinne Aidan Higgins a chion suntasach do litríocht na hÉireann, a bhí ceannródaíoch agus casta agus a mhairfidh."