Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn – ionsaí Lá an Bastille i Nice
Dáta: hAo 15th Iúi, 2016 | 11:48
Ag labhairt dó faoin ionsaí i Nice aréir, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn:
"Is le suaitheadh agus le brón mór a chuala mé faoin ionsaí millteanach seo i Nice.
Cuirfidh an caillteanas uafásach beatha, agus beatha páistí san áireamh, múisiam orthu siúd uile a bhfuil meas acu ar an daonlathas.Is ceart an t-ionsaí cladhartha seo in áit phoiblí ar lá náisiúnta ceiliúrtha a dhamnú go láidir. Is ceart dúinn a bheith diongbháilte agus gan ligean dá leithéid d’ionsaithe cruachroíocha an bonn a bhaint ón tslí mhaireachtála inár bpobal domhanda atá ag iarraidh maireachtáil mar phobail éagsúla agus shíochánta.
Táimid, a bhfuil meas againn ar an tsaoirse agus ar an saol poiblí, ag smaoineamh ar mhuintir na Fraince ag an am seo. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dóibh siúd ar bhásaigh daoine muinteartha leo nó a bhfuil a muintir gortaithe.”
Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt le hAmbasadóir na Fraince i mBaile Átha Cliath chun comhbhrón a dhéanamh leis agus chun iarraidh air an teachtaireacht a chur ar aghaidh chuig an Uachtarán Hollande ar son mhuintir na hÉireann.