Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Manchain

Dáta: Mái 23rd Bea, 2017 | 09:04

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, i ráiteas a eisíodh ar maidin ó Áras an Uachtaráin, tar éis a chomhbhrón a chur in iúl thar a cheann féin agus thar ceann mhuintir na hÉireann, do theaghlaigh na ndaoine sin a fuair bás agus a gortaíodh san ionsaí uafásach ar ionad áineasa i Manchain Shasana, áit a raibh daoine óga agus páistí ag baint taitnimh as ceolchoirm:

“Cuirfidh an t-ionsaí cladhartha seo ar shaoránaigh neamhurchóideacha alltacht orthu siúd uile a bhfuil suim acu sa daonlathas, sa tsaoirse agus sa cheart atá acu maireachtáil sa spás poiblí agus taitneamh a bhaint as.

Is áit chónaithe do mhuintir na hÉireann agus don iliomad daoine as gach náisiún ar feadh na gcéadta bliain atá i Manchain, agus ba mhaith liom ní hamháin mo bhrón ach mo dhlúthpháirtíocht a chur chuig muintir an bhaile bhreá fháiltiúil seo.

Tá pobal Mhanchan agus ár gcomharsana ar fud na Ríochta Aontaithe inár smaointe ag an am seo.

Tá an teachtaireacht seo á cur in iúl agam do Andy Burham, Méara Mhórcheantar Mhanchan, agus beidh mé ag scríobh go foirmeálta chuig an mBanríon Eilís chun comhbhrón mhuintir na hÉireann a chur in iúl.”