Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Diego Maradona
Dáta: Céa 25th Sam, 2020 | 18:07
“Is cúis bhróin dom agus do thacadóirí an tsacair ar fud na cruinne a chloisteáil gur bhásaigh Diego Maradona, a ndéarfadh roinnt daoine faoi gurbh é an t-imreoir sacair ab fhearr riamh ar domhan é.
Cuimhneoidh luct leanúna peile ar fud an domhain ar Maradona, ní hamháin mar gheall ar an mbua iontach a bhí aige smacht a choimeád ar an liathróid, í a phasáil agus a dhriobláil, ach mar gheall ar a thaispeántas ar an bpáirc agus ar an áthas a thug sé don iliomad daoine. B’inspioráid a bhí ann don iliomad páistí óga a d’imir sacar.
Ba theist ar an ardmheas a bhí ag lucht leanúna an tsacair air, agus a bheidh air fós amach anseo, an gradam a fuair sé mar ‘Imreoir FIFA an Chéid’ sa bhliain 1999 – gradam a roinn sé le Pelé.
Cé go n-aireoidh a chlann agus a chairde in Boca Juniors uathu go mór é, aireoidh na milliúin de lucht leanúna an tsacair san Airgintín agus ar fud an domhain uathu freisin é.”