Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar dhul ar scor Robbie Keane ón bpeil idirnáisiúnta

Dáta: Céa 24th Lún, 2016 | 19:22

Agus freagra á thabhairt aige ar fhógra Robbie Keane inniu go bhfuil sé i gceist aige éirí as an bpeil idirnáisiúnta tar éis an chluiche dhúshláin in aghaidh Óman Dé Céadaoin 31 Lúnasa, rinne an tUachtarán comhghairdeas leis faoina bhfuil bainte amach aige i ngeansaí na hÉireann:


"Tá aitheantas agus ceiliúradh tuillte ag Robbie Keane mar cheann d’imreoirí na hÉireann is fearr riamh agus beidh sé deacair an méid atá bainte amach aige le foireann shinsear na hÉireann ar feadh níos mó ná 18 mbliana a shárú.

Ba phearsa inspioráideach  do ‘chuile dhuine i bpeil na hÉireann a bhí i Robbie, ón am ar éirigh go han-mhaith sé leis ar an bhfoireann náisiúnta faoi aois go dtí gur r bhain sé amach curiarracht de 145 caipín sinsearach agus 67 cúl.  

Le blianta beaga anuas, b’iontach a thiomantas don fhoireann náisiúnta agus é ag taisteal go rialta as Los Angeles le bheith i gcuideachta na foirne.  

Chomh maith leis sin, mar ionadaí ár dtíre pé áit ar domhan inar imir sé, d’iompair Robbie é féin le dínit agus b’ambasadóir den scoth a bhí ann ar son na hÉireann.

Thar ceann lucht leanúna peile na hÉireann go léir, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Robbie as gach a bhfuil déanta aige ar son pheil na hÉireann le linn a ghairmréime rathúla sa gheansaí glas. 

Guím gach rath air ar leibhéal an chlub, agus guím gach beannacht agus sláinte air féin agus ar Claudine agus ar a mbeirt mhac."