Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Michael D. Higgins on Ireland's Grand Slam win

Dáta: Sat 17th Már, 2018 | 17:05

“Éacht iontach agus foinse spreagtha a bhí ann nuair a bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann an Chaithréim Mhór in Twickenham inniu, ar ár lá náisiúnta, ní hamháin don fhoireann agus dá gcóitseálaithe, ach dúinn ar fad a bhaineann taitneamh agus a thacaíonn le spórt na hÉireann.

Tá an éacht stairiúil seo – an Chaithréim Mhór a bhuachan – ar an duais is mó i rugbaí na hEorpa agus ina ghradam atá tuillte go maith ag an bhfoireann rugbaí sármhaith seo, a léirigh daingne agus comhtháthú thar barr i rith chomórtas na Sé Náisiún.

Chinntigh an taispeántas iontach inniu agus an iarracht mhór a rinne an fhoireann i rith an chomórtais gur shlánaigh an fhoireann iontach seo a n-áit i stair an spóirt agus go gcuimhneofar orthu ar feadh na nglúnta.

Spreagfaidh an sampla a thugann siad den méid is féidir a bhaint amach nuair a thagann tallann, scil, tiomantas agus obair chrua le chéile le cruthaitheacht agus bua go leor daoine óga le tabhairt faoin spórt agus chun dúshlán a chur orthu féin.

Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhghairdeas leis an bhfoireann, leis na cóitseálaithe agus leo siúd ar fad a thacaigh leis na himreoirí agus gabhaim buíochas leo as an gcuimhne cinn álainn atá tugtha acu dúinn ar Lá Fhéile Pádraig nach ndéanfaimid, lucht leanta spóirt na hÉireann, dearmad air choíche.”