Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUiginn ar ócáid bronnta an Torc - Siombal Oifige ag Saoi Aosdána ar Tom Murphy

Dáta: Lua 4th Meá, 2017 | 11:19

“Is mór an onóir dom an Torc Órga agus an teideal Saoí a bhronnadh ar dhuine de mhórdhrámadóirí comhaimseartha na hÉireann, Tom Murphy. Ar an nGradam is airde dá bhfuil ag Aosdána, tugann an teideal SAOI aitheantas nach beag do ghaisce agus d’éacht a bhfaighteoirí, agus léiríonn sé, leis, sár-ómós a gcomhpháirtithe, agus a gcomhealaíontóirí.

Tá ionchur Tom Murphy d’amharclannaíocht na hÉireann ollmhór agus sainiúil. Óna luath-ré scríbhneoireachta i dTuaim, is suntasach an cnúasach oibre atá cruthaithe aige. Thar aon duine eile, ba eisean mórdhrámadóir an eisimircigh, agus é i mbun pinn. Thug sé leis an díomuaine atá lárnach i bhfulaingt an eisimircigh le friotal a léirigh go smior cráiteacht, cruthaíocht agus gríosaitheacht.

Ba iad neamhchinnteachtaí agus contrárthachtaí na n-imirceach agus iad ag fulaingt, a mhúnlaigh a mhórshaothair thosaigh. Nuair a léiríodh na drámaí seo ar stáitsí Londan le linn na seascaidí, tharraing an cur chuige a bhí aige freagairt a bhí cáinteach, agus fíochmhar, araon. Ach ba léir, go raibh drámadóir úrnua, le féith den scoth, tagtha ar an saol.

Lean Tom Murphy leis ag saothrú scothchorpas neamhghnáthach. Sa sár-shaothar sin, aimsítear seód a cheolann dúinn; tá áilleacht á nochtadh mar go bhfuil an fear ardéirime seo sásta dul i bpriacal. Is éacht é seo a bhaineann le mórdhrámadóireacht – agus léirigh Tom Murphy a mháistreacht sa réimse áirithe seo.

Rianaigh Murphy go raibh ar a chumas turgnamh seasta a dhéanamh. Thug sé faoi na dúshláin, agus teorainneacha an genre á sárú aige, ach thar aon ní eile, chruthaigh sé go raibh sé ina mháistir ar an ndialóg, ach go háirithe.

A bhuíochas do phaisean cruthaitheach Tom Murphy, agus a mhian buanseasmhach teorainneacha a shárú, tá saothar bronnta aige orainn a chuimsíonn go mór comhdhéanamh ealaíne agus drámaíochta na hÉireann. Ní amháin gur thug Tom Murphy cuireadh dúinn dul i ngleic leis an seansaol, d’áitigh sé orainn aghaidh a thabhairt ar théamaí a d’fhéadfadh faillí a bheith déanta againn orthu. Sa ghné seo dá shaothair, chuaigh sé go mór i dtuilleamaí na cuimhne, cur chuige atá aige i bpáirt le scríbhneoirí amhail Eugene O’Neill. Ach, chun na fírinne a rá, is fathach fir gan sárú é Tom Murphy, sa réimse seo.

Dúinne a bhfuil sé de ádh orainn bheith mar cháirde ag Tom, is mór an pléisiúir againn é gach uair - dá mhinice iad - a chasaimid ar a chéile thar na blianta.

Uaireannta, bhuailimis le chéile thar lear. In 2012, bhí ríméad orm bheith i láthair in Londain, agus nua-léiriú de thríológ le Murphy á thionscnamh ag Druid – léiriú a thuill na gártha molta arís agus arís eile, ar an ócáid.

Ag macnamh dom ar shaolré atá lán de shár-shaothar cruthaíoch – agus é fós i mbun pinn – is mór agam tréaslú leis as a roghnú don Ghradam seo, ag a chomhpháirtithe i réimse na n-ealaíon agus an chultúir.  Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liomsa buíochas ó chroí a ghabháil leis as an saothar atá curtha ar fáil aige dúinn, - saothair atá fós ag teacht uaidh d’ár gcomhluadar agus d’ár gcine.

Tréaslaím leis agus guím rath agus beannacht ar a chuid oibre agus ar a shaol.”