Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn maidir leis an Tubaiste i Santa Maria, An Bhrasaíl

Dáta: Mái 1st Ean, 2013 | 15:11

Ar an lá seo, chuir mé teachtaireacht chomhbhróin chuig Uachtarán na Brasaíle,

Dilma Rousseff, maidir leis an dóiteán tubaisteach iSanta Mariaar cailleadh an oiread uafásach sin daoine dá thoradh ag an deireadh seachtaine.

Ó chuir mé cuairt ar an mBrasaíl le déanaí, is feasach dom go maith gur óna hóige a fhaigheann an tír sin cuid mhór dá spiorad agus dá fuinneamh. Tá a fhios agam freisin an chaoi gur mór ag an Uachtarán Rousseff an óige agus an ról a bheidh acu i bhforbairt na Brasaíle amach anseo. Is suaitheadh mór do mhuintir na Brasaíle féin agus dá iliomad cáirde timpeall na cruinne gur cailleadh 230 daoine óga le linn ócáid a ba cheart a bheith ina hócáid thaithneamhach shóisialta.

I mo cháil phearsanta féin agus thar ceann mhuintir na hÉireann, déanaim comhbrón deacrach leis an Uachtarán Rousseff, le muintir na n-íospartach agus le muintir na Brasaíle, agus leis an bpobal Brasaíleach a chónaíonn anseo in Éirinn ach go háirithe.