Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar na maidhmeanna talún sa Cholóim

Dáta: Sat 1st Aib, 2017 | 21:08


Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis scríobh chuig Uachtarán Phoblacht na Colóime, Juan Manuel Santos, chun a chomhbhrón a chur in iúl d’íospartaigh na maidhmeanna talún i gceantar Putumayo, dá muintir agus dóibh siúd go léir ar chuir an tragóid isteach orthu. 
 

NÓTAÍ do na hEAGARTHÓIRÍ:

Thug an tUachtarán Ó hUigínn Cuairt Oifigiúil ar an gColóim le gairid agus bhí cruinnithe déthaobhacha aige lena linn leis an Uachtarán Santos. Phléigh na hUachtaráin roinnt ceisteanna, san áireamh bhí obair Ruairí Mhic Easmainn, a d’oibrigh i gceantar Putumayo, le linn tréimhse i dtús an 20ú haois. 

Dhírigh an tUachtarán Ó hUigínn ar obair Ruairí Mhic Easmainn chomh maith san aitheasc a thug sé i Lima, mar gur chuid de Pheiriú a bhí ann ag an am. Tá aitheasc an Uachtarán ar fáil ar http://www.president.ie/media-library/speeches/keynote-address-at-the-peruvian-ministry-of-foreign-affairs

Níos luaithe an mhí seo, scríobh an tUachtarán chuig Uachtarán Phoblacht Pheiriú chomh maith, tar éis na dtuilte ar chósta Pheiriú, inar chaill na scórtha mílte duine a gcuid tithe.