Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn ar na tuilte sa tSeapáin

Dáta: Mái 10th Iúi, 2018 | 11:51

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis iarraidh ar Ambasadóir na Seapáine a chomhbhrón a chur in iúl dóibh siúd ar chuir na tuilte agus an sciorradh talún sa tSeapáin isteach orthu, agus go háirithe do mhuintir na ndaoine a fuair bás sa tragóid.

“Ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, comhbhrón agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann a chur in iúl do mhuintir na Seapáine agus iad ag déileáil leis an gcaillteanas beatha agus leis an gcruatan arbh iad an díle báistí agus an sciorradh talún ina dhiaidh sin ba chúis leo.”