Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Ronan Fanning
Dáta: Céa 18th Ean, 2017 | 14:49
18 Eanáir 2017
“Beidh cloiste ag muintir na hÉireann le cumha faoi bhás Ronan Fanning, staraí iomráiteach, Ollamh Emeritus Na Nua-Staire agus Comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann.
Bhí ardmheas ar Ronan Fanning mar staraí ar fhág a chuid taighde leathain agus a chuid scríbhneoireachta oidhreacht shaibhir ag léann na hÉireann. I measc a chuid taighde bhí stair cheannródaíoch na Roinne Airgeadais agus a chuid oibre ar mhuintir na hÉireann i Meiriceá Laidineach, beathaisnéis Eliza Lynch san áireamh. Tugadh ardmholadh dá chuid oibre ar an Dictionary of Irish Biography.
Údar cumasach agus craoltóir rialta, bhí tallann iontach neamhchoitianta aige a lucht éisteachta a mhealladh agus a chur faoi dhraíocht le stíl liteartha bhríomhar agus phaiseanta.
Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá chlann, dá chomhghleacaithe agus do chiorcal leathan cairde dá chuid.
Aireoidh a chomhghleacaithe sa saol acadúil uathu go mór é, chomh maith linne go léir a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis."